Tuarascáil Speisialta 78 – Nithe ag éirí as Iniúchtaí Oideachais
Foilsithe 05 Meitheamh 2012
Tá scrúdú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar cheisteanna a eascraíonn ó bhainistiú iniúchtaí san earnáil oideachais. San áireamh i scóip an scrúdaithe tá gnéithe den bhainistiú acmhainní in institiúidí tríú leibhéal agus gníomhaíochtaí a reáchtáiltear trí chuideachtaí campais agus fondúireachtaí sna hinstitiúidí sin. Tá ábhair áirithe sa tuairisc chomh maith i ndáil le luach saothair agus cuntasacht, ar ábhair leantacha iad, ó thaobh prionsabail de, a ndearnadh tuairisciú orthu i dtuairisc speisialta 75 a eisíodh i mí Mheán Fómhair 2010.